Ní duine mór maoithneach machnamhach mise, cuir ceist ar mo bhean chéile, NO! Ná déan sin, ná cuir ceist ar mo bhean chéile.

Ní duine mé atá tugtha do na grianghraif agus d'fhíseáin a ghlacadh, a thaifead agus a uaslodáil de gach imeacht saoil, ócáidí ceiliúrtha teaghlaigh nó scéal beathaisnéise mo chuid páistí a bhreacadh, ach oiread.

Ar an láimh eile, seo an domhan ina bhfuil muid beo beathach, eolas agus fianaise ar an toirt, lom láithreach. Ní raibh na gutháin phóca ann agus mé ag teacht i méadaíocht. Buíochas le Dia. Sin ráite, tá buntáistí cumarsáide leis an teicneolaíocht, go háirithe fá láthair.

Ní bhím ró-bhuartha fá Facebook ná Twitter ach oiread. Ceapaim go mbíonn feidhm leo, go háirid má chuireann tú fút san Astráil agus tá do mhuintir ar fad i mBaile Andarsain, nó má tá paindéim domhanda do do shrianadh le bac agus cosc ar mhiontarlúintí normálta.

Sa Nua-ghnáth, nó sa Ghnáth Nua, ina bhfuil muid uilig ag maireachtáil, ní tíortha de chuid na Áise iad dár ndóighe, ach an cur síos is déanaí sa stór focal is déanaí de dheasca Covid 19.

Crónaíonn muid ár muintir, ár gcairde agus ár ngaolta. Crónaíonn muid uilig ár gcuid gnásanna,  ár nósanna, ár gcaithimh aimsire, ár bpostanna fiú!

Crónaíonn páistí  struchtúr ina saol. Aithníonn siad anois, go mbíonn scoil....sultmhar. Airíonn siad uathu cuideachta a chéile, an spraoi, an chraic agus an spórt. Má dhéanann tú féin-dianmhachnamh ar do laethe scoile, seasfaidh na rudaí maithe amach, gan amhras. Turais, spórt, ceol nó, dráma nó múinteoir a chuir cor i do chinniúint.

5Gallery

Mo dhalta féin, is cuimhneach liom go suntasach turas go Caisleán Tayto, Ard Mhacha, áit a dhéantar na brioscáin phrátaí. D'alp muid siar iad úr te brúite ón chrios iompar ar an bhealach thart ar an mhonarcha, níl sin ligthe i ndearmad in aon chor! Chaith mé aníos ar turas go Baile Átha Cliath i R7, ach bhí mé ar ais ar mo sheanléim, do na cluichí dúshláine peile agus iomána idir buachaillí Bhéal Feirste agus gasúraí na hardchathrach.

Bhí ról agam mar Rudolf an Fia Rua i ndráma na Nollag R7. Bhí ceol David Bowie sa dráma, Starman! D'fheall orm nithe móra tábhachtacha a thabhairt ar ais chun mo chuimhne, ach nach

 iontach na nithe beaga atá greannta inár gcuimhní cinn agus nach iontach arís an splanc sin a lasann aibhleog an chuimhne.

Bhí múinteoirí maithe agam ar an bhunscoil, Paul Sloan, ach go háirithe. Áfach,  diomaite m'athair, chuir fear eile a anáil fúm. D'imir sé tionchar ar mo shaol agus ar shaol na mílte páistí. D'fhág sé lorg ormsa agus ar na sluaite gasúr i mBaile Andarsain, Jackie Maxwell. Jackie, slánaitheoir, bainisteoir, stiúrthóir, traenalaí, tiománaí bus (Volkswagon Estate), comhairleoir, tiomsaitheoir airgid, rúnaí, gach rudadóir i gcumann sacair, St.Oliver Plunkett, atá lonnaithe i Léana an Dúin, iarthar Bhéal Feirste. Fear ildanach, díográiseach, fadradharcach, cróga. Cráiceáilte ar bhealach fosta, ar bhealach maith.

Tá St Oliver Plunkett ar cheann de na cumainn amaitéaracha sacair is rathúla i mBéal Feirste, tá clú agus cáil orthu. Tagann gasúraí agus cailíní ó gach cearn de Bhéal Feirste le bheith ag traenáil agus ag imirt leo. Tá foirne ag Plunkett ag freastal ar gach aoisghrúpa ó chlár dírithe ar pháistí naíscoile go foirne do dhaoine fásta agus do dhéagóirí. Tá claochlú iomlán déanta ag an chumann ar agus as an pháirc. Tá  páirc imeartha le binsí, dug outs i Léana an Dúin anois, cuaillí agus eangacha cearta. As an pháirc, tá leisure wear acu.Is féidir geansaí cochallach, cupaí, éadaí spóirt, cótaí, fiú cuilteanna do do leaba a cheannach le dathanna sainiúla, Plunkett orthu, dubh agus bán, black and white blood, mar a deir seanfhondúirí an chumainn.  Tá foirne acu sa "tSráith Náisiúnta" agus foirne A, B agus C ag roinnt aoisghrúpaí. Ráchairt agus éileamh. Tá sé do-aitheanta ó d'imir mé féin ann i mo bhrín óg agus mar stócach. Oidhreacht Jackie Maxwell.

Ach, ní raibh sé i gcónaí mar seo. Ba mhinic go raibh muid ag streachailt le himreoirí a fháil, le foireann a chur amach ar an pháirc, ag dul thart ar an eastát ag cnagadh ar dhoirse. Gasúr curtha ar ais chun an bhaile, lena dheartháir nó lena  chol ceathrar a fháil. D'imir deartháireacha agus teaghlaigh don chumann agus bhí aithne shúl agat ar bheagnach gach duine. D'fhás mórchuid  na n-imreoirí aníos i Léana an Dúin, faoi scread asail na páirce. Ní raibh éide spóirt ceart againn, rigs iomlán sna luathbhlianta, chomh hiontach le sneachta dearg. Éad orainn roimh na cumainn a raibh stocaí, briste  gairide agus léine ag teacht le chéile.

Thaisteal muid go cluichí i ngluaisteán Jackie agus  seanbhus de chuid an ionaid phobail. Eachtra a bhí ann. Ní raibh clubtheach, páirc bhaile, coiste bainistíochta ná bus ná aon rud.

Bhí teach Jackie mar oifig agus a gharáiste mar áit chruinnite agus teach níocháin, a bhuíochas lena bhean fhadfhulangach, fhoighdeach, Kathleen. Reachtáil sé gach rud ó na seachtóidí malla, fríd na hochtóidí go tús na nocháidí mar seo.  Ar mire. Ní dhéanfaidh mé dearmad air. Bhí sé ar chúl m'intinne ach ansin...thug roinnt grianghraf ar Facebook le linn na dianghlasála gach rud i gcuimhne domh.  Iardhearcaí corraitheacha le gach grianghraf a d'aithin mé.

Chuir mó dheirfiúr na grianghraif chugam a bhain liom agus le mo dheartháir. D'éirigh mé caillte i leoithne an chuimhne, i mo bhuachaill beag arís. Faoi gheasa ag an sacar.

Tá sé doiligh a mhíniú an ról dearfach  a d'imir an cumann seo i saol an duine óig i Léana an Dúin ó bunaíodh an cumannn i 1969. Maolán solais lán dóchais a bhí sa chumann don cheantar, a bhuí le fir agus mná  tíománta ceannrodaíocha. Feicim iad anois agus mé ag scríobh seo, ina seasamh linn in achan chineál soininne agus doininne i bpáirc Léana  an Dúin, Lenadoon Field, Ardy Russell, Don Carmichael, Tom Mc Glone, Jimmy Lindsay, Jimmy Hughes, Noel Monaghan, Marty McLaughlin, Neil McKee agus neart eile.

5Gallery

Ámh, bhí i gcónaí fear amháin a bhí níba thábhachtaí in aigne an imreora  óig. Fear, nuair a labhair sé, d'éist tú. Fear nuair a thug tú faoi deara go raibh sé ag teacht i do threo, chuir tú léim i do chéim agus rinne do sheacht ndícheall. Léim tú beagán níos airde don bhuille cinn. Thug tú pás agus bhog. Give and go, touch ball, two touch, mar mhana aige. Dhírigh tú ar an mharcáil agus ar an chosaint. Chuir tú faobhar agus slacht ar do stíl imeartha. Smachtaigh tú an liathróid níos sciobtha. Rinne tú iarracht é a shásamh agus tú ag santú beannachta nó molta uaidh. Mhothaigh tú tábhachtach, nuair a d'úsáid sé d'ainm. Chomh bródúil le cat a mbeadh póca air. Ba mhinic an moladh aige ná an cáineadh.

Fear a chuir náire  ort, má stroic tú na mionnaí móra, nó aiféaltas ort má chuaigh tú leis an  chearmansaíocht. Fear a bhí dian agus crua, a chuir béim ar mheas agus ar fhéinsmacht.

Fear a thug síob, a d'fhreastail ar chruinnithe, a nigh na héadaí spóirt, a raibh an t-eolas aige fá chlár na gcluichí a raibh lámh aige le beagnach gach foireann sa chumann. Fear a thug aire, grá, cúram agus deis do gach páiste, fiú muna raibh cumas sacair ann. Jackie.

5Gallery

Grianghrafadóir an chumainn, i gcónaí an ceamara leis. Is maith an rud go raibh.  Is  stair shóisiálta iad na grianghraif. Ríomh mé iad  ag déanamh grinnscrúdaithe orthu. Insíonn agus léiríonn na grianghraif, cultúr agus caithimh aimsire an cheantair, stair an chumainn, seanchas, na carachtair agus na cailliúintí, an spórt agus an spraoi, na turais agus na foirne. Tá forbairtí úra an chumainn le brath agus ré phroiseás na síochána ag teacht sna 1990aidí. Cineál am líne radharcach in ord cróineolaíochta.

Feiceann tú an difear suntasach ó laethe an Stailc Ocrais, na tínte cnámha ag comóradh Imtheorannú, an bochtanas, caighdeán na n-éide spóirt. Ansin, ré nua, Páirc na Mílaoise, sean Lenadoon Field, maisithe le seomraí feistis, eangacha, cithfholcthaí, páirc traenála, oifigí, páirc súgartha, carrchlós, sconsaí agus dug outs.

Nuair a d'amharc mé ar na grianghraif, rith míle cuimhne cinn liom. Dhearg blúirí na ngrianghraf drithleoga an chuimhne.  Ainmneacha, leasainmneacha, buanna, cairde, comórtais agus cluichí. Ina theannta sin uilig, bhí tréith lárnach i gcónaí le sonrú...aoibh an gháire ar aghaidheanna na bpáistí óga. Gliondar agus lúcháir.

Thug Jackie muid go hAlbain le himirt in éadán ógfhoirne sacair na hAlbain.  Tháinig na hAlbanaigh anseo fosta, mar mhalairt. Thug sé muid go Baile an Chaistil. Fuair sé teach ar cíos agus thug scaifte mór againn.  Bhí am ar dóigh againn ar shiúl ó iarthar Bhéal Feirste. Chuaigh foirne eile go Blackpool agus Caisleán Nua, Sasana, de réir mar a d'fheabhsaigh stáid reatha an chumainn. Tugann siad cuairt anois ar Chorn an Fheabhail, i nDoire, príomh-ógchomórtas sacair ar an oileán inniu.

5Gallery

Lena chois ar an fhás agus ar fhorbairt an chumainn, mhéadaigh líon na bpáistí. Thriail páistí ar Plunkett ó thaobh amuigh de Léana an Dúin agus Bhaile Andarsain. Chuidigh daoine eile le Jackie. Oibrithe deonacha. Deisceabail a chuala a ghlaoch. Ach gan é, ní bheadh an cumann ann. Ní aibhéil sin. Bhí rud éigin speisialta fá na luathbhlianta sin. Nuair a bhí rudaí beagán ar mire, nuair a nach raibh rigs ceart ann, ag deifriú chuig cluichí, ag athrú ar chúl mionbhus. Ní raibh muid mar rogha na coitianta. Sílim gur bhain Jackie sult as bheith ina underdog! Plunkett in éadan an domhain agus bhain sé.

Chaith sé a shaol ar fad ag obair ar son mhuintir Léana an Dúin agus ar son mhuintir Bhaile Andarsain. Chuir sé cumann sacair ar fáil don cheantar, nuair a bhí cogadh ann.

Thug sé rogha dearfach do bhuachaillí óga an cheantair a bheadh amuigh ar na sráideanna in adharca leis an RUC nó le hArm na Breataine. Tá sé dóchreidte an obair a rinne sé. D'imir mise le St Oliver Plunkett ó bhí mé i rang a sé go dtí go raibh mé thart ar 37!

Ar an ábhar, gur imir an oiread sin páistí do Plunkett, is cinnte gur threoraigh Jackie glúin i ndiaidh glúine slán ó thionchar an chogaidh agus gur chuir sé iad agus a chomhghleacaithe ar bhóthar na haclaíochta iad, ar bhealach a leasa. Thiomnaigh sé a shaol ar son an chumainn. Níor ól sé. Níor chaith sé. Plunkett..a dhruga. Chaill sé beirt mhac i dtimpiste bothair ar Bhóthar an Ghleanna sna 1970aidí. Thóg sé a chuid eile dá theaghlach, ceathrar pháistí, lena bhean Kathleen. Athair altramais a bhí ann do phobal Léana an Dúin agus an cumann sacair áitiúil.

Ar ndóighe, bhí, tá agus beidh Jackie Maxwell's i ngach cumann spóirt sna ceithre hairde is fichead d'Éirinn. Tá moladh tuil

lte acu ar fad agus peann le cur ar phár fá mhiorúiltí s'acu siúd freisin. Is iad cnámh dróma na gcumann. Bíodh sin CLG, rugbaí nó haca. Oibrithe deonacha a dhéanann an obair shalach, nó an obair a shíleann daoine go ndéanann duine éigin eile é.

Ag baint an fhéir, ag marcáil na bpáirceanna, ag ní na n-éadaí, ag déanamh tae agus ceapairí, ag freastal ar chruinnithe, ag clárú imreoirí, ag scríobh seiceanna, ag peinteáil.... na tascanna beaga sin, a dhéanann difear ollmhór. Is fathaigh iad, laochra le bheith ionraic. Daoine nach gcuireann a gcos i dtruaill ó mhaidin go faoithin.

Tá gradam agus aitheantas faighte ag Jackie le himeacht na mblianta. Níor tharraing sé uisce ar a mhuileann féin in am ar bith. Shábháil an cumann é... a ba ghnách leis a rá, i ndiaidh don timpiste tragóideach dá chuid mac, chan an bealach eile thart, a déarfadh sé. Umhal, uasal agus ag tochras ar cheirtlín an chumainn agus an phobail, i dtolamh.

An chomparáid is sóiléire a thiocfadh liom a dhéanamh don té nach raibh aithne phearsanta ar Jackie ná baint le sacar ná  Plunkett ná seo. Chrúthaigh agus chothaigh Jackie mothú cumann de chuid CLG i gcumann sacair, i mo bharúil. Béim ar an phobal,  béim ar an pháiste. Dlúthcheangal. Béim ar an rannpháirteachas, deiseanna do gach duine a nocht don traenáil.

Tá súil agam agus St.Oliver Plunkett, mór, acmhainneach agus rathúil anois, nach gcailleann siad an dáimh, na tréithe dúchais, an dúshraith sin, an féiniúlacht ar dhóigh a d'eascair amach as caorthine na coimhlinte sa bhliain 1969. Oidhreacht Jackie. Fíoradh a thairngreacht.

Thóg Jackie teaghlach St Oliver Plunkett, cumann sacair, níos mó na club. D'éag Jackie roinnt blianta ó shín, maireann a anam go fóill.

Jackie Maxwell. Ba chóir go raibh dealbh in ómós dó i mBaile Andarsain.

Go raibh maith agat as na cuimhní cinn. Ní bheidh do leithéid ann arís.